Moltaí Clóċuiɼ

Gheobhaidh an té a bhfuil sé i gceist aige an cló Gaelach a úsáid chun téacsanna a chlóbhualadh nó a fhoilsiú ar an ngréasán domhanda comhairle faoin gcur chuige is fearr anseo.



An séimhiú

Cuirim i gcás gurb é seo an téacs atá le foilsiú agat:

Fíor 1

[An cló Rómhánach]

Ní leor an cló a athrú ó cheann Rómhánach go ceann Gaelach mar atá déanta i bhfíor 2 thíos. Má ligeann tú téacs i gcló sa riocht seo beidh a fhios ag an saol gur filistíneach cruthanta thú - gach seans go dtréigfidh do chéile thú is go mbogfaidh an cat isteach leis na comharsana béal dorais!

Fíor 2

[Aistriú lom go dtí an cló Gaelach]

Is é an riail is bunúsaí a bhaineann le húsáid an chló Ghaelaigh go gcaithfear ponc séimhithe a chur ar na consain shéimhithe i gcorp an téacs más mionlitreacha iad (féach fíor 3). Mura bhfuil tú sásta an méid sin a dhéanamh, má cheapann tú gur fearr a oireann an 'h' don ábhar nó don lucht léitheoireachta ar a bhfuil sé dírithe, tá réiteach simplí ar an bhfadhb agat: cloígh leis an gcló Rómhánach - níl aon rud cearr leis.

Fíor 3

[An ponc séimhithe in ionad an H séimhithe]

Ach i gcás na gceannlitreacha, is ceadaithe (cé nach gá) 'H' nó 'h' a úsáid in ionad an phoinc. Úsáidtear an ceannlitir 'H' go minic nuair is ceannlitreacha a fad a bhíonn san fhocal agus is cleas úsáideach é chun breis airde a tharraingt ar abairt. An 'h' beag a úsáidtear nuair is é an litir tosaigh d'fhocal atá ina cheannlitir; ní léir dom go mbaineann buntáiste ar bith le húsáid an 'h' sa dara cás, ach tá an nós sin ann (fíor 4).

Fíor 4

[An ponc séimhithe ar mhionlitreacha agus an H séimhithe ar cheannlitreacha]

Tá cás amháin eile inar féidir 'h' a úsáid mar chomhartha séimhithe sa chló Gaelach, .i. chun béim a leagan ar fhocail áirithe - ar fhotheidil abair, nó ar fhocail atá scríofa i gcló trom, nó a bhfuil spás níos leithne fágtha idir na litreacha iontu (fíor 5). Seo nós a bhí ag clódóirí fadó nuair a bhí na clófhoirne troma gann agus na clófhoirne iodálacha in easnamh ar fad, agus moltar duit an nós a sheachaint más féidir mar tá bealaigh níos fearr ann anois chun béim a leagan ar fhocail. Thairis sin, tá an baol ann nach dtuigfear cad tá ar siúl agat agus go gceapfar gur filistíneach den saghas a luadh cheana thú.

Fíor 5

[An H séimhithe le haghaidh béime]



R agus S

Ar ndóigh, is féidir an 'r' ard agus an 's' ard a úsáid in ionad na litreacha ísle, mar atá léirithe sa sampla thíos (fíor 6). Ach má dhéantar amhlaidh, caithfear bheith cúramach gan na litreacha a mheascadh i gcorp an téacs. Is é sin le rá, níor chóir 's' ard agus 'r' íseal (ná a mhalairt) a úsáid taobh le taobh. Agus má athraíonn tú foirm an 's', ná déan dearmad an t-athrú céanna a dhéanamh i gcás an 's' séimhithe.

Fíor 6

[An R ard agus an S ard]

Ach tá roinnt cásanna inar féidir an dá shaghas litreacha a mheascadh. Is fearr a oireann na litreacha ísle do chinnteidil agus d'fhotheidil, mar shampla, agus is féidir iad a úsáid sna cásanna sin, fiú má bhíonn na foirmeacha arda in úsáid i gcorp an téacs. Is ceadaithe freisin (cé nach gá) na litreacha ísle a úsáid le haghaidh focal agus ainmneacha ón iasacht, rud a dhéanann níos soléite iad (fíor 7) go minic.

Fíor 7

[An R agus an S íseal le haghaidh focail iasachta]

Tá cás amháin eile inar féidir an dá shaghas litreacha a mheascadh. I ré na luath-chlódóireachta bhíodh sé de nós ag clódóirí na foirmeacha ísle a úsáid ag deireadh na bhfocal cé go mbíodh na foirmeacha arda i dtús agus i lár na bhfocal acu (fíor 8). Ní léir dom go mbaineann aon bhuntáiste leis an nós sin, ach is bealach é le cuma ársa a chur ar théacs.

Fíor 8

[An R agus an S íseal ag deireadh na bhfocal]

Lean na moltaí thuas agus beidh tú in ann téacsanna clóchurtha a chruthú nach ngoillfidh ar shúile na léitheoirí.